Torthaí cuardaigh - Torrente Ballester, Gonzalo, 1910-1999.
Gonzalo Torrente Ballester
Duine de scríbhneoirí móra Spáinneacha na fichiú haoise ab ea Gonzalo Torrente Ballester (13 Meitheamh 1910 - 27 Eanáir 1999). Tháinig sé chun saoil i Serantes in aice le Ferrol, áit ar rugadh Francisco Franco féin. B'ansin a fuair sé a chuid bunoideachais, ach ina dhiaidh sin, thug sé aghaidh ar na hollscoilÚrscéalaí a bhí ann go bunúsach, ach thairis sin, d'fhoilsigh sé roinnt mhaith aistí agus drámaí. Scríobhadh sé ar na hirisí agus ar na nuachtáin freisin.
Sa bhliain 1929, shocraigh sé síos i Maidrid agus thosaigh sé ag déanamh staidéir ar fhealsúnacht agus ar litríocht. Bhí sé mór leis an drámadóir cáiliúil Ramón del Valle-Inclán. Chaith sé seal ag obair do nuachtán ainrialach, ach nuair a tháinig deireadh leis an nuachtán, d'fhill sé ar Ferrol. clé|mion Chuaigh sé le staidéar arís, agus nuair a phléasc Cogadh Cathartha na Spáinne amach, bhí sé díreach i bPáras lena shaothar dochtúireachta a chosaint. Nuair a d'fhill sé abhaile, bhí an tír ina cosair cró ag an gcogadh, agus cuid mhór de chairde Gonzalo maraithe ag lucht leanúna Franco. Chuaigh Gonzalo féin i bpáirtí Franco le nach bhféadfaí é féin a chur chun báis, ansin.
D'fhoilsigh sé an chéad úrscéal, ''Javier Mariño'', sa bhliain 1943. Ina dhiaidh sin, lean sé leis ag scríobh úrscéalta beagnach go lá a bháis. Cé go raibh sé ina bhall de pháirtí Franco, ní raibh a chroí in idé-eolaíocht an pháirtí riamh, agus de réir mar a mhúscail a mhisneach arís, thosaigh sé ag craobhscaoileadh idéanna liobrálacha. Sa bhliain 1962, thug sé tacaíocht don lucht oibre a bhí ar stailc i bpoill mhianaigh Asturias. Sa bhliain 1966, d'imigh sé go Nua-Eabhrac le bheith ina ollamh in Ollscoil Albany.
D'fhill sé go dtí an Spáinn sa bhliain 1970, agus sa bhliain 1975, chuir sé faoi i Salamanca, áit ar fhan sé a raibh fágtha dá shaol. Bhí sé ina scríbhneoir mór le rá san am seo, agus bronnadh ballraíocht Acadamh Ríoga na Spáinne air, maille lena lán duaiseanna liteartha, ina measc Duais Cervantes sa bhliain 1985.thumb|Dealbh bhrád den scríbhneoir, ina áit breithe FerrolI ndiaidh a bháis, bunaíodh Fondúireacht Gonzalo Torrente Ballester lena chuid saothar a chosaint agus a thaighde agus le súil na léitheoirí a tharraingt air. Arna chur ar fáil ag Vicipéid