Torthaí cuardaigh - Thomas, Craig

Craig Thomas

Ba é Craig Lyle Thomas (17 Feabhra 1933 - 4 Meitheamh 2007) an seanadóir sinsearach ó Wyoming i Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 2007. Ba bhall den Pháirtí Poblachtach é.

Ba shaineolaí i réimsí na talmhaíochta agus na tuathfhorbartha é Thomas. Bhí poist tábhachtacha aige i roinnt gníomhaireachtaí stáit. B'é a phost mar leasuachtarán feidhmiúcháin oifig feirme Wyoming ó 1965 go dtí 1974 an ceapachán is fada dá raibh aige. Bhí sé ina fhear gnó neamhspleách fosta. I 1984, toghadh ina fheisire in oireachtas an stáit é, agus d'fhreastail sé air go dtí 1989.

Sa bhliain 1989, d'éirigh Dick Cheney as ionad Wyoming i dTeach na nIonadaithe, agus d'ainmnigh an Páirtí Poblachtach Thomas mar iarrthóir aige sa toghchán. Bhuaigh sé agus atoghadh é i 1990 agus i 1992. I 1994 rith sé do Sheanad na Stát Aontaithe agus bhuaigh sé an toghchán sin freisin. Atoghadh é i 2000 agus 2006. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
  • 1 - 2 toradh as 2 á dtaispeáint
Beachtaigh na torthaí
  1. 1

    Firefox / de réir Thomas, Craig

    Foilsithe / Cruthaithe 1982.
    Libro
  2. 2

    El último cuervo / de réir Thomas, Craig.

    Foilsithe / Cruthaithe 1995.
    Libro