Torthaí cuardaigh - Solzhenitsyn, Aleksandr Isaevich 1918-2008
Aleksandr Solzhenitsyn
Úrscéalaí, scríbhneoir drámaí agus staraí Rúiseach ab ea Aleksandr Isayevich Solzhenitsyn (Rúisis: Алекса́ндр Иса́евич Солжени́цын, traslitriú scolártha: ''Aleksandr Isaevič Solženicyn'').Ba eisean ba mhó a tharraing súil an tsaoil mhóir ar "oileánra na gcampaí géibhinn" san Aontas Sóivéadach. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1970. Díbríodh as a thír dhúchais é ar chúiseanna polaitiúla, ceithre bliana ina dhiaidh sin. Chuir sé faoi i Vermont sna Stáit Aontaithe, ach nuair a tháinig deireadh leis an gCumannachas sa Rúis, d'fhill sé abhaile.
Fuair sé bás i Moscó ar an 3 Lúnasa 2008. Arna chur ar fáil ag Vicipéid