Torthaí cuardaigh - Saarinen, Eliel.
Eliel Saarinen
Ailtire Fionlannach ab ea Gottlieb Eliel Saarinen (20 Lúnasa 1873 – 1 Iúil 1950) a bhain cáil amach as a chuid foirgneamh ''art nouveau'' i dtús an 20ú haois.
Leag sé amach plean forbartha do lár Heilsincí i stíl iarsmúil, plean nár cuireadh i gcrích riamh.
D'imigh sé go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá sna 1920í agus lean sé ag dearadh oifigí agus foirgneamh poiblí agus mar mhúinteoir ailtireachta. Arna chur ar fáil ag Vicipéid