Torthaí cuardaigh - Orwell, George, 1903-1950.

George Orwell

Úrscéalaí, scríbhneoir aistí, iriseoir, agus léirmheastóir Sasanach ab ea Eric Arthur Blair (25 Meitheamh 1903 – 21 Eanáir 1950). Bhí aithne níos fearr air faoina ainm cleite George Orwell 25 Meitheamh 190321 Eanáir 1950. Áirítear Orwell ar scríbhneoirí móra na fichiú haoise. Ba iad an dá úrscéal mhóra pholaitiúla, mar atá, Animal Farm (1945) agus Nineteen Eighty-four (1949) a thuill clú domhanda dó. Aoir faoin Aontas Sóivéadach is ea an chéad cheann acu, agus é scríofa as peirspictíocht an tSóisialaí mheasartha nár thaobhaigh riamh leis an leagan Sóivéadach den chumannachas. An dara ceann acu, is úrscéal diostóipeach é, agus é ag trácht ar dhomhan na todhchaí atá roinnte idir trí mhórchumhacht ollsmachtúla. D'aistríodh an dá leabhar go lear maith teangacha. Mar sin féin, bhí Orwell i ndiaidh seal maith a chaitheamh ina scríbhneoir roimhe sin féin, agus é ag scríobh iriseoireacht, aistí, úrscéalta agus, fiú, beagáinín filíochta.

Fear meánaicmeach ab ea Orwell a chuaigh leis an sóisialachas i ndiaidh an tseala a chaith sé ina phóilín impiriúil i mBurma. Chuaigh sé go dtí an Spáinn le páirt a ghlacadh sa Chogadh Cathartha ansin, cosúil le cuid mhaith d'intleachtóirí clé a linne. Cé go raibh luí áirithe aige leis an Sóisialachas réabhlóideach, dhruid sé riamh siar ón gCumannachas, agus é, fiú, den tuairim gur "fórsa frithréabhlóideach" é an Páirtí Cumannach. Chuir sé go fíochmhar in aghaidh idé-eolaíochtaí ollsmachtúla na fichiú haoise, idir Naitsíochas agus Stailíneachas. Bhí tuiscint ghéarchúiseach aige d'éirim na hollsmachtúlachta, agus na coincheapa is na focail a chum sé le tagairt a dhéanamh do mheon na tíorántachta, ar nós an Deartháir Mór (''Big Brother''), an nuachaint (''newspeak'') agus araile, úsáidtear i gcónaí iad le cur síos a thabhairt ar an dóigh a gcoinníonn na deachtóirí intinn na saoránach faoi smacht. clé|mion|277x277px|BBC 1940 Arna chur ar fáil ag Vicipéid
  • 1 - 11 toradh as 11 á dtaispeáint
Beachtaigh na torthaí
  1. 1

    Animal farm a fairy story de réir Orwell, George 1903-1950

    Foilsithe / Cruthaithe 1989
    Libro
  2. 2

    Animal farm de réir Orwell, George 1903-1950

    Foilsithe / Cruthaithe 1996
    Libro
  3. 3

    1984 : roman / de réir Orwell, George, 1903-1950.

    Foilsithe / Cruthaithe 1981.
  4. 4

    Rebelión en la granja de réir Orwell, George 1903-1950

    Foilsithe / Cruthaithe 2009
    Libro
  5. 5

    1984 de réir Orwell, George 1903-1950

    Foilsithe / Cruthaithe [20--?]
    Libro
  6. 6

    Rebelión en la granja de réir Orwell, George 1903-1950

    Foilsithe / Cruthaithe ©2001
    Libro
  7. 7

    1984 de réir Orwell, George 1903-1950

    Foilsithe / Cruthaithe 2022
    Libro
  8. 8

    1984 de réir Orwell, George 1903-1950

    Foilsithe / Cruthaithe 2006
    Libro
  9. 9

    Cataluña 1937 : testimonio sobre la revolución española de réir Orwell, George 1903-1950

    Foilsithe / Cruthaithe 1963
    Libro
  10. 10

    Rebelión en la granja de réir Orwell, George 1903-1950

    Foilsithe / Cruthaithe 2001
    Libro
  11. 11

    Cazando un elefante / de réir Orwell, George, 1903-1950.

    Foilsithe / Cruthaithe 1955.
    Libro