Ba scríbhneoirgearrscéalta Ceanadach í Alice Ann Munro (née Laidlaw, 10 Iúil1931 - 13 Bealtaine2024). Bronnadh an Duais Idirnáisiúnta Booker uirthi sa bhliain 2009 as iomlán shaothair a saoil, chomh maith le Gradam an Ghobharnóra Ghinearálta i gCeanada faoi thrí. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta uirthi sa bhliain 2013. Áirítear í go forleathan mar dhuine de na scríbhneoirí ficsin is tábhachtaí sa 20ú haois, cé nach mbíodh a hainm i mbéal na ndaoine chomh minic agus a bhíonn ainmneacha roinnt úrscéalaithe eile.