Torthaí cuardaigh - Moravia, Alberto 1907-1990

Alberto Moravia

Duine de phríomhscríbhneoirí na hIodáile sa bhfichiú céad ab ea Alberto Moravia (ainm cleite de chuid Alberto Pincherle (1907-1990). Rugadh sa Róimh, chaith sé blianta dá óige i sanatóir, ionfhabhtaithe le heitinn scamhóige. Sna fichidí is na tríochaidí bhí sé faoi dhrámh rialtas Faisisteach Mussolini agus thaistil taobh amuigh den Iodáil agus chónaigh sna Stáit Aontaithe ar feadh scathaimh. Ina chéad úrscéal, ''Gli indifferenti'' (Na Fuaránaigh, 1929), a bhí an-rathúil, tugann sé tuairisc neamhbhreithiúnasach, ach thar a bheith éifeachtach, ar shochaí meata buirgeoiseach na Róimhe, an fhuarchúis, agus an glacadh le morgthacht a bhí de réir tréithe an ama sin. Ina chéad úrscéal eile, ''La romana'' (An Bhean Rómhánach, 1947), pléann sé fadhbanna an lucht oibre, arís ina stíl oibiachtúil ach faobhrach. Ina úrscéal, ''L’amore coniugale'' (An Grá Pósta, 1949), díríonn sé a dhearcadh micreascópach ar an ngné seo den saol meánaicmeach san Iodáil. Ansin ina úrscéal, ''Raconti romani'' (Scéalta Rómhánacha, 1954), díríonn sé ar mhorgthacht na meánaicme íochtaraí. Leabhair shuntasacha eile uaidh ab ea ''L’attenzione'' (An Rabhaidh, 1965), ''La vita interiore'' (An Bheatha Inmheánach, 1978), agus ''L’uomo che guarda'' (An Fear a Fhaireann, 1985). Arna chur ar fáil ag Vicipéid
  • 1 - 1 toradh as 1 á dtaispeáint
Beachtaigh na torthaí
  1. 1

    La campesina de réir Moravia, Alberto 1907-1990

    Foilsithe / Cruthaithe 1959
    Libro