Torthaí cuardaigh - Lovecraft, Howard Phillips 1890-1937
H. P. Lovecraft
Scríbhneoir scéalta uafáis ab ea Howard Phillips Lovecraft (20 Lúnasa, 1890 – 15 Márta, 1937) a raibh an-tionchar aige ar fhorbairt na litríochta uafáis san fhichiú haois. Ba é an sceimhle cosmach an príomhthéama ina chuid scéalta, an scanradh a ghlacann an duine roimh a dhothuigthe agus a dhochuimsithe agus atá an ollchruinne. Cheap sé painteon iomlán de dhéithe cruálacha ar chuma leo faoi leas an chine dhaonna lena shaoldearcadh duairc a chur in iúl. Ba é Cuitiliú (bunleagan: ''Cthulhu'') an dia ba thábhachtaí acu go léir.
Arna chur ar fáil ag Vicipéid