Torthaí cuardaigh - Graham, Billy
Billy Graham
Ba shoiscéalaí Críostaí agus ministéir Baisteach Meiriceánach é William Franklin "Billy" Graham Jr. (7 Samhain 1918 – 21 Feabhra 2018). Faoin mbliain 1949 bhí clú idirnáisiúnta tuillte aige. Rugadh é in Charlotte, Carolina Thuaidh. Fuair sé bás in Montreatt sa stát céanna.Tionóladh a chéad "chrosáid" mar a thug sé ar na cruinnithe a chuir sé ar siúl ar 13-21 Meán Fómhair 1947 san Civic Auditorium in Grand Rapids Michigan. D'fhreastail 6,000 duine ar an gcrosáid. Bhí sé 28 mbliana d'aois ag an am. Thionóil sé 400 crosáid i 185 tír ar fud an domhain sna blianta ina dhiaidh sin. Arna chur ar fáil ag Vicipéid