Fealsamh, eacnamaí agus eolaí polaitíochta Meiriceánach is ea Yoshihiro Francis Fukuyama, a rugadh ar 27 Deireadh Fómhair1952 in Chicago, Illinois. Tá tionchar sách mór aige ar dhioscúrsa polaitíochta an lae inniu, as a théis um “dheireadh na staire” go háirithe. Tá Fukuyama ina Chomhalta Sinsearach ag an Freeman Spogli Institute for International Studies ag Ollscoil Stanford faoi láthair. Is ball freisin é den Fhóram Idirnáisiúnta i gcomhair Léann Daonlathach de chuid na Dearlaice Náisiúnta i gcomhair Daonlathais. Bhíodh sé ina bhall de roinn na heolaíochta polaitiúla sa RAND Corporation.
Arna chur ar fáil ag Vicipéid