Torthaí cuardaigh - Douglass, Frederick
Frederick Douglass
Daonuasclóir, leasaitheoir sóisialta, údar, agus óráidí Meiriceánach ab ea Frederick Douglass (a rugadh mar Frederick Augustus Washington Bailey i mí Feabhra, 1818 – 20 Feabhra 1895). Rugadh Douglass mar sclábhaí i gContae Talbot i Maryland. Scríobh sé roinnt dhírbheathaisnéisí a raibh an-tóir orthu. Fuair sé bás in Washington, D.C..Bhí úinéirí agus maoir éagsúla ar Douglass, agus cuireadh é ag obair d'fhir eile fós uaireanta, freisin. I ndiaidh drochíde a fhulaingt uathu go léir agus le cuidiú bean ghorm shaor a thit sé i ngrá léi, d'éirigh le Douglass éalú.
Thug Douglass cuairt ar an mBreatain agus ar Éirinn sna blianta 1845–47. D;éirigh sé mór le Daniel O'Connell. Arna chur ar fáil ag Vicipéid