Richard Dawkins
thumb|220px|Richard Dawkins, 24 Meitheamh 2006
Is
eiteolaí,
bitheolaí éabhlóideach agus scríbhneoir
eolaíochta mór-ráchairte
Briotanach é
Clinton Richard Dawkins (
26 Márta 1941 a rugadh é). Bhí sé in Ollúnacht Charles Simonyi um Thuiscint an Phobail ar an Eolaíocht, in
Ollscoil Oxford, idir 1995 agus 2008.
Tháinig Dawkins chun cinn ar dtús le
leabhar dá chuid sa bhliain 1976, darbh ainm 'The Selfish Gene'. Chabhraigh sé seo go mór leis an dearcadh géin-láraithe ar éabhlóid a chur i lár an aonaigh agus thug sé an téarma 'meme' ar an saol, rud a chabhraigh le forbairt 'memetics'.
Sa bhliain 1982, chuir sé go mór le heolaíocht na héabhlóide, leis an
teoiric a léirigh sé ina leabhar ''The Extended Phenotype'', is é sin nach mbaineann éifeachtaí
feinitíopacha le corp an
orgánaigh amháin ach go mbíonn siad in ann a bheith scaipthe ar fud na
timpeallachta, corp na n-orgánach eile san áireamh. Bíonn an teoiric seo á lua go minic ag lucht bitheolaíochta.
Tá ceithre leabhar mór-ráchairte scríofa aige ó shin agus bhí sé le feiceáil agus le cloisteáil ar go leor cláracha
teilifíse agus
raidió maidir le bitheolaíocht éabhlóideach,
cruthaíochtachas agus
reiligiún.
clé|mion|225x225px|24 Meitheamh 2006
Is duine frith-reiligiúnach neamhbhalbh é chomh maith le bheith ina
aindiachaí, ina dhaonnachaí saolta, agus ina sceipteach agus tacaíonn sé le gluaiseacht na 'Brights'. Tugtar an leasainm "rótvaidhléir
Darwin" air as díograis na tacaíocht a thugann sé do theoiric na héabhlóide, tagairt don bhitheolaí
Sasanach T. H. Huxley a raibh an leasainm "bulladóir Darwin" air.
Arna chur ar fáil ag Vicipéid