Torthaí cuardaigh - Capablanca, José Raúl

José Raúl Capablanca

Imreoir fichille Cúbach ab ea José Raúl Capablanca y Graupera (19 Samhain 1888 – 8 Márta 1942) a bhí ina churadh domhanda ó 1921 go 1927. Ba pháiste éachtach é, agus bhain sé cáil mhór amach as a scil iontach sa chor deiridh agus as a himirt sciobtha. Rugadh Capablanca sa bhliain 1888 i Castillo del Príncipe, La Habana. Bhuail sé curaidh Chúba Juan Corzo i gcluiche ar 1901, dhá lá roimh a 13ú breithlá. Mar gheall ar a bhua ar Frank Marshall i gcluiche i 1909 fuair sé cuireadh chuig comórtas San Sebastian 1911, a bhuaigh sé chun tosaigh ar imreoirí leithéidí Akiba Rubinstein, Aron Nimzowitsch agus Siegbert Tarrasch. Sna blianta ina dhiaidh sin, bhí sraith buanna ag Capablanca agus rinne sé iarrachtaí cluiche a shocrú le curaidh an domhain Emanuel Lasker i gcaitheamh deich mbliana. Nuair a thárlaigh an cluiche faoi dheireadh, bhuaigh Capablanca an teideal curadh domhain fichille i 1921. Níor chaill sé cluiche fichille ó 10 Feabhra 1916 go 21 Márta 1924.

Chaill Capablanca an teideal i 1927 in aghaidh Alexander Alekhine, nach raibh bua ar bith bainte amach aige in aghaidh Capablanca roimh ré. Tar éis go leor iarrachtaí gan rath athimirt a shocrú ar feadh na mblianta fada, d’éirigh an caidreamh eatarthu nimhneach. Lean Capablanca le bheith rathúil sa chomórtais sa tréimhse seo ach tharraing sé siar ó fhichille dáiríre sna 1930idí. Thosaigh sé fulaingt le fadhbanna sláinte sa tréimhse seo, le brú fola ard agus fuair sé bás i 1942 de rith fola ceirbreach. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
  • 1 - 1 toradh as 1 á dtaispeáint
Beachtaigh na torthaí
  1. 1

    ¿Cómo jugar ajedrez? de réir Capablanca, José Raúl

    Foilsithe / Cruthaithe 2011
    Libro